Bhí an teaghlach uilig scaipthe. B’annamh iad uilig le chéile sa teach ag an am amháin. De réir mar a d’fhás siad suas, bhí siad ag imeacht ar fhostach i dTír Eoghain ag ceithre bliana déag. Chuaigh sé chuig an Raibeal i Leitir Ceanainn ar dtús. Obair feirmeoireachta a bhí aige. Bhí an feirmeoir maith do, bhí leaba agus a sháith bia aige. Chaith sé 9 mí ansin. Bhíodh sé ag iascaireacht bradán leis an fheirmeoir fosta.